Cad a dhéanaimid
‘Ar scáth a chéile a mhaireann muid’
Gréasán oiliúna meáin is ea Gréasán na Meán Skillnet a chuireann oiliúint ardleibhéil fhóirdheonaithe ar fáil d’fhostóirí, fostaithe, saoroibrithe agus cuardaitheoirí poist. Reáchtálaimid cúrsaí rialta i scileanna praiticiúla agus gnó araon. Lena chois sin, tugaimid tacaíocht d’ócáidí agus do chomhdhálacha líonraithe d’earnáil na meán.
Ár nAidhmeanna
An phríomhaidhm atá againn ná oiliúint ardleibhéil a chur ar fáil i scileanna cruthaitheacha agus praiticiúla do Thionscal na Meán. Cabhair a thabhairt d’iomaíochas cuideachtaí mar aon le breis rochtana ar oiliúint tionscalbhunaithe, scileanna agus forbairt do dhaoine aonair.
– Oiliúint chost-éifeachtúil ardchaighdeáin a chinntiú.
– Tacú le fás agus forbairt thionscal na Meán in Éirinn.
– Freagairt do riachtanais an tionscail agus do riachtanais scileanna an tionscail sa todhchaí.
– Tacú le cuideachtaí, daoine aonair agus cuardaitheoirí poist chun a scileanna a mhéadú.