Máistir-Ranganna Réigiúnacha

Mar chuid den tsraith seo óstálfaidh TG4, Gréasán na Meáin Skillnet agus Údarás na Gaeltachta dhá mháistir-rang i mBealtaine 2023.


Beidh siad á gcur i láthair ag an déantóir clár faisnéise a bhfuil duaiseanna buaite aige, Aodh Ó Coileáin. Ina theannta beidh an scríbhneoir, stiúrthóir agus léiritheoir Darach Mac Con Iomaire a chuirfidh a mháistir-rang scríbhneoireachta ar fáil i mol gteic digiteach agus nuálaíochta i nGaoth Dobhair i gcroílár Ghaeltacht Dhún na nGall.  Pléifidh Rachel Moriarty a bhfuil scannáin agus cláir faisnéise déanta aici do TG4, RTÉ & BBC an ealaín a bhaineann le déanamh scannán sa Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe. 

Chun clárú do mháistir-ranga, seol d’ainm, ainm an mháistir-ranga ar mhaith leat freastal air agus do chuid sonraí teagmhála ar ríomhphost chuig:rsvp@tg4.ie


 

Trainer

Sraith faoi Ghairm Sna Meáin Ghaeilge & Máistir-Ranganna Réigiúnacha

Rachaidh TG4 taobh thiar den cheamara an mhí seo chun labhairt le gairmithe a bhfuil slí bheatha bainte amach acu sna meáin chumarsáide Ghaeilge. Beidh siad i mbun cainte le déantóirí scannán, scríbhneoirí scripte, eagarthóirí, stiúrthóirí agus go leor eile faoi na deiseanna a bhí acu fad is a bhí siad ag obair trí mheán na Gaeilge. Gheobhaidh an lucht féachana léargas ar na gairmeacha iontacha atá ag gairmithe meán cumarsáide a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta bainte amach acu as a gcuid scileanna. 

 

Sa tsraith seo (Gairm sna Meáin Ghaeilge) beidh na gairmithe seo a leanas inár dteannta: Stiúrthóir Fótagrafaíochta Peaky Blinders Cathal Watters, cruthaitheoir ‘Corp & Anam’ coirdhráma TG4, Darach Mac Con Iomaire, an déantóir cáiliúil scannán agus clár faisnéise, Rachael Moriarty, Eagarthóir BBC & TG4 Sorcha Nic Giolla Mhuire, cruthaitheoirí ábhar do Dhaoine Óga, Cian Mac Carthaigh & Rachel Nic an Ultaigh, saineolaithe ar na meáin shóisialta Róisín Ní Mhaoláin  agus Rút Ní Theimhneáin agus an dearthóir léiriúcháin agus stiúrthóir ealaíne atá lonnaithe in Los Angeles agus a d’oibrigh ar Lethal Weapon & 9-1-1, Sinéad Clancy. 

 

Beidh tú in ann na hagallaimh seo a fheiceáil ar leathanaigh Facebook, YouTube, Instagram agus LinkedIn TG4, nó téigh chuig: www.tg4.ie/scil

 

Nasc YouTube: https://www.youtube.com/playlist?list=PLZCDKZI5tB4rt1EyvDy8MygvYSzq012A_

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Storylining with Ros na Rún